D’fhág sé an scoil ag trí bliana déag go leith agus chuaigh sé amach go Leitir Ceannain lena mháthair ag an raibeal lena fhostú ar an Lagán. Cur síos ar an am a chaith sé ar an Lagán. Fostaíodh é ar 14 punta ar feadh sé mhí i dTír Eoghain. Fuair sé droch am ann ná fuair sé ocras ann agus baineadh obair go leor as. An dara seisiúr chuaigh sé go Co. Aontroma ar fostach, áit ina raibh siad iontach maith do. Chaith sé bliain ansin.